Próifíl na Cuideachta

print version
'Próifíl na Cuideachta' image

Tá Bioshell Teoranta ina phríomhdhéantúsóir conartha ar tháirgí VMS, cothú spóirt agus táirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta ó 1996.

In 2001, thógamar ár áitreabh saintógtha i gCo. Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann agus anois tá na céadta táirgí cúraim sláinte éagsúla á dtáirgeadh againn do mhargadh na hÉireann agus na hEorpa.

Tá réimse leathan de thaithí bainistíochta agus oibríochta agus saineolais ar dhéantúsaíocht forlíontaí cúraim sláinte ag ár bhfostaithe díograiseacha. Cloíonn an trealamh táirgthe agus pacáistithe go hiomlán le GMP.

Tá speisialtóireacht againn i dhá phríomhfhoirm dáileogachta, taibléidiú comhbhrúite díreach agus imchochlú dhá phíosa, agus tá raidhse taithí bailithe againn agus muid ag déileáil le réimse leathan ábhar púdair.

capsules

Is í fealsúnacht Bioshell ná táirge d'ardchaighdeán a dhéanamh agus dearbhú cáilíochta a chinntiú ón bhfoirmiú go dtí pacáistiú gach táirge a tháirgimid. Tá Bioshell chun tosaigh maidir le déantúsaíocht forlíontaí cúraim sláinte trí innealra, córais agus amhábhair ardchaighdeáin GMP a úsáid.

Tá taithí forleathan ag Bioshell maidir le déileáil le brandaí rathúla agus cabhrú le tionscadail nua a fhorbairt.

Chomh maith le réimse leathan foirmithe vitimíní, luibhe agus nútraiceodach a tháirgeadh, tá an-taithí ag Bioshell ar dhéantúsaíocht forlíontaí spóirt.